← Bhí sé ag coimeád leo i gcónaí; faoi mar a bhídís ar an ardán, bhíodh an Fairceallach san ísleán, agus nuair a bhídís san ísleán bhíodh an Fairceallach san ardán. 🔊✎
← Nuair a chasadar abhaile tráthnóna bhí sé sa tsiúl céanna i gcónaí agus é á leanúint. 🔊✎
← "Ó", ar seisean, "níl aon fhear i seacht gcatha na nGnáth-Fhéinne nach gcuirfidh mé scian agus forc agus pláta ar a aghaidh amach!" 🔊✎
← D'fhan sé i ngiorracht radhairc díobh i gcónaí go dtí gur iompaigh sé isteach in uaimh agus leanadar é. 🔊✎
← Ní raibh aon fhear sa bhFéinn nár thit i ngrá léi ar an bpointe baise. 🔊✎
← B'shin é an focal a bhí aici i gcónaí go dtí gur ghabh an duine deireanach isteach. 🔊✎
← Níor fhág siad aon ghreim bia ná dí orthu gan slogadh agus siúd chun na tine arís iad i dteannta an tseanduine agus ní aithneodh éinne orthu ar chuir siad aon ní ina mboilg. 🔊✎